An Cháisc
Baineann an Cháisc le DÓCHAS, leis an teachtaireacht faoina ndearna Íosa dúinn. Tá sé deacair a bheith ar muin na muice i gcónaí. Tá teachtaireacht an dóchais lárnach dár gcreideamh.
Is féidir le teachtaireacht an tSoiscéil, athrú bunúsach a chruthú in ár saol. Léimid sa Soiscéal, conas mar a bhí tionchar ag Íosa ar dhaoine a bhuail leis. Tá cuireadh ag gach duine aithne a chur ar Íosa agus gaol pearsanta a bheith acu leis. Nuair a léimid Soiscéal Naomh Lúcás is féidir linn an gaol seo a athnuachan. Má tá dea-scéal agat faoi conas mar atá Soiscéal Naomh Lúcás ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar pharóistí, cuir tuairisc chugainn ag Oifig ann tSoisceálaithe. Tá eolas breise ar fáil ag www.yearofevangelisation.ie .
Scéal na Cásca ar leanúint
“ Nuair a shuigh sé ag aon bhord leo, ba é a ghlac an t-arán agus a bheannaigh agus a bhris é gur thug dóibh é. Osclaíodh ansin a súile gur aithin siad é; agus chuaigh sé ó radharc uathu. Ar siadsan le chéile, “Nach raibh an croí ar lasadh inar gcléibh le linn an chomhrá ar an mbóthar, nuair a bhí sé ag míniú na scrioptúr dúinn?”
Nochtadh Críost dá dheisceabail
‘Sé a duirt Íosa leo “Is mar sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost a pháis agus go n-éireodh sé ar an triú lá ó mhairbh, agus go mbeadh an aithrí agus maithiúnas na bpeacaí á bhfógairt ina ainmsean do na náisiúin uile ag tosú ag Iarúsaileim. Tá sibhse in bhur bhfínnéithe ar na nithe sin. Agus féachaigí, táim ag cur an ní a gheall Dia daoibh chugaibh; ach fanaigí sibhse sa chathair, go dtí go gcuirtear an chumhacht neamhaí mar éadach oraibh,”
Nochtadh críostScéal na cásca
Deascabháil Íosa.
“Chuaigh sé rompu ansin amach as an gcathair chomh fada le Bétáin, agus thóg sé a lámha in airde lena bheannacht a fhágáil orthu. Nuair a bhí sé á mbeannú scar sé leo agus iompraíodh in airde go neamh é. Agus d’umhlaigh siad roimhe.
D’fhill siad ar Iarúsailéim agus iad lán de lúcháir, agus bhídís ag moladh Dé sa teampall i rith an ama.”
Deascabháil.
Tagann deireadh leis an ngaol agus an cairdeas a bhíonn againn le daoine uair éigin, mar shampla, má fhaigheann duine bás, duine ag imeacht go háit eile nó cairdeas ag druidim as a chéile.
Tá an Soiscéal ag díriú ar an athrú a tháinig sa ghaol idir Íosa agus na deisceabail. Léiríonn “Deascabháil Íosa” an t-athrú seo ó sheásúr na Cásca nuair a bhi Íosa aiséirithe, ag iarraidh a léiriú do na deisceabail gurb É an Íosa céanna é a bhí leo ina shaol ar an saol seo. Anois níl Íosa leo a thuilleadh go corpartha ach ar dheis Dé ar neamh dóibh.
Anois tá misean agus dúshláin roimh na deisceabail. Tá Íosa leo. Iarrtar orthu dul agus aithrí agus maithiúnas peacaí a chraobhscaoileadh sa saol ag tosú in Iarúsailéim. Seo an misean atá intuigthe sa Deascabháil
Ag léamh Soisceal Naomh Lúcás spreagtar dúinn scéal Íosa a cheiliúradh. Chun go dtiocfaidh bláthú ar ár ngaol le hÍosa caithfimid slán a fhágáil le hÍosa mar dhuine agus aghaidh a thabhairt ar an Íosa aiséirithe. Chun go dtiocfaidh forbairt agus fás ar an Eaglais bhí ar Íosa an ról nua a ghlacadh. Léiríonn an Deascabháil an ról seo agus misean na hEaglaise. Tá an dea-scéal seo ar fáil i soiscéal Naomh Lúcás. Tá páirt againn go léir, mar Eaglais Dé, sa ról seo ag scaipeadh an dea-scéil agus Dia a chur i réim sa saol. Le teacht an Spriorad Naomh cinnteofar é seo.
“Tá sibhse in bhur bhfinnéithe ar na nithe sin.” Naomh Lúcás 24:48.
“Agus táimidne inár bhfinnéithe air sin, agus is finné air freisin an Spiorad Naomh a thug Dia don dream a umhlaíos dó” Gníomhartha 5: 32
Treoir don Phaidreoireacht
· Bheadh Íosa leis na deisceabail i sli eile. Bhí sé tábhachtach do na deisceacail glacadh le hÍosa sa riocht nua. An bhfuil ort glacadh le hathrú ar chuinsí i do shaol ?
· Is finnéithe d’Íosa sinn ar fad. Conas is féidir leat an ról seo a chomhlíonadh?
· Smaoinigh ar dhaoine a léirigh aithrí agus maithiúnas duitse. An raibh tú in ann dea-scéal an mhaithiúnais a thaispeáint i do shaol ?
· Cad iad na hamannta a bhraith tú grásta Dé i do shaol.
· Cad is gá duit a dhéanamh chun athrú a dhéanamh ar do shaol? Cá bhfuil an ‘Iarúsailéim’ duitse ina mbuailfidh tú le hÍosa ?
Paidir an Phápa Maolbheannachta
A Dhia, déan athnuachan ar ár gcreideamh atá lárnach in ár saol, ar an dóchas go ndéanfaí ár bpeacaí a mhaitheamh, ar an ngrá a ghlanann agus a osclaíonn ár gcroí duitse agus daoine eile.
A Thiarna Íosa Críost, déan athnuachan ar an Eaglais in Éirinn, an tiomantas d’oideachas ár n-óige ar bhóthar na fírinne, na maitheasa na naofachta agus na seirbhíse daonna a chomhlíonadh.
A Spiorad Naoimh, sólásaí, pléadálaí, agus treoraí spreag ionainn naofacht agus díograis aspalda don Eaglais in Éirinn.
Iarraimid ort ár bpeacaí agus ár ndrochghníomhartha a mhaitheamh agus go mbeidh toradh maith ar ár n-iarrachtaí iad a chur ina cheart i dtreo go mbeadh an creideamh,
an spioradáltacht, an charthannacht, an chóir, an lúcháir agus an tsiocháin níos láidre i measc ár gclanna, ár bparóistí, ár scoileanna, agus ár bpobal.
Cuirimid muid féin, ár bpáistí, riachtanais na hEaglaise in Éirinn faoi choimirce Dé is na Maighdine Muire, Banrion na nÉireann, Naomh Pádraig, Naomh Bríd, agis na naoimh uile.
Áiméin
Imeachtaí
• Eagróidh YCW (Young Christian Workers) cúrsa Spioradálta i nGleann dá Loch ar 24-26 Meán Fómhair 2010. Gach eolas ó www.ycw.ie
• Oilithreacht Éacúiméineach & Paidreoireachta i nGleann dá Loch ar 5 Meitheamh 2010.
• Oilithreacht Deoise Bhleá Cliath go Taize, An Fhrainc d'aosaigh óga 11-18 Iúil 2010
Breis eolais www.yearofevangelisation.ie